← Chóiridís líontáin idir crainn leis na mionbheithigh a cheapadh agus ghléasadh gach fear é féin leis na beithigh mhóra a mharú dá mbrisfidís amach as an bhfáinne. 🔊✎
← Ansin ghléasaidís cuid den fheoil ar bhearacha adhmaid, dá bruit leis an tine agus an chuid eile ina dlaoithe le súgáin agus chuiridís san uisce í sa chlais ba mhó den dá chlais. 🔊✎
← Sciath agus bata coill a thabhairt leis agus seasamh i log talaimh go gcaithfeadh naonúr laoch a sleátha naoi n-uaire leis in éineacht, agus dá loitfeadh urchar sleá é thar a sciath agus a bhata coill, ní raibh glacadh sna Fianna leis. 🔊✎
← Ní raibh glacadh ansin leis: Dá ligfeadh sé a loit le hurchar sleá. 🔊
← Ina dhiaidh sin féin ní raibh glacadh leis: Go léimfeadh sé thar ghéag a bhí chomh hard lena héadan. 🔊